Ní tír í Éire a luíonn an sneachta i bhfad uirthi ach amháin ar bharra cnoc. Mar sin féin, tagann an sneachta i gceist go minic sa bhfilíocht agus sa litríocht i gcoitinne. Mar a dúirt an Caisideach Bán:
‘Amuigh san oíche gan fascadh ná dídean
Agus sneachta dhá shíorchur faoi íochtar gleann.’1Agus freisin mar atá sé ráite ag file eile:
Bhí an sneachta ar gach craoibh
Is mo chroí dhá leathadh le fuacht.Cuirtear craiceann geal i gcosúlacht leis an sneachta:
Ná don tsneachta i gclár t’éadain
Is é dhá charnadh le gaoithí.Dúirt Tomás Mac Coisdealbha faoi Úna Bhán (i.e. Úna Nic Dhiarmada) agus é geall leis ag imeacht as a chiall:
Bhí an sneachta ar lár agus barr air chomh dearg le fuil,
Agus samhail mo ghrá ní fhaca mé in áit ar bith.2Agus tá roinnt mhaith giotaí faoin sneachta sa tSean‑Ghaeilge.3 An té a bhfuil amhrán maith binn aige, sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis. Sin é an moladh is mó a d’fhéadfá a thabhairt dó.
Nuair a bhíos sé tamall ag cur sneachta bíonn brat sneachta ar an talamh. Sin í an uair a bhíos gasúir ag caitheamh meall (nó meallta) sneachta, nó cnapán sneachta le chéile, e.g. ‘chaith sé meall sneachta liom’, nó ‘cnapán sneachta’.
Mura gcuire sé ach beagán sneachta, deirtear go mbíonn scráib shneachta ar an talamh. Nuair nach mbíonn an sneachta ach ar bharra na gcnoc, ‘chuir sé barraíl sneachta aréir’ a déarfadh duine. Le sneachta éadrom, bíonn breacshneachta ann.
Dá mbeadh sneachta ar an talamh is nach mbeadh seamaide ar bith féir le fáil ag beithígh ná ag caoirigh, déarfadh duine go bhfuil an talamh faoi shneachta, i.e. nuair is ar na beithígh a bhíos sé ag cuimhneamh. Bíonn síorshneachta ar chuid de na cnoic sa réigiúin eile agus in Albain freisin. An ghaoth fhuar, fheannta a bhíos ann le linn sneachta a bheith ar na cnoic, is de dhroim sneachta a bhíos sí ag éirí.
Nuair a bhíos lá sneachta ann bíonn sé ag cur sneachta. Má bhíonn an sneachta leathfhliuch, flichshneachta a bhíos sé a chur. Calóg shneachta (calóga sneachta) a thugtar ar an ngiota beag aonraic den tsneachta a bhíos ag titim. Féach an focal caladh, i.e. crua. Cáiltheoga a thugtar in áiteacha orthu. Sneachta garbh a thugtar ar chlocha sneachta.
Nuair a bhíos an sneachta tirim ag éirí den talamh leis an ngaoth, bíonn an sneachta á cháitheadh. Bíonn sé ag gleadhradh sneachta freisin le gaoth láidir. Nuair a bhíos gaoth láidir ann agus é ag cur sneachta, bíonn sneachta séidte ann, nó é ag cur sneachta séidte, nó ina shneachta séidte:
Sneachta séidte is é dhá shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn.4Nuair a bhíos gaoth thimpill ann, agus sneachta trom á chur, bíonn sé ag caidhleadh sneachta, i.e. nuair a bheadh sé ag titim chomh tiubh is nach bhféadfá tada a fheiceáil tríd. Nuair a bhíos sneachta tirim á shéideadh le gaoth, bíonn an sneachta á charnadh. Nuair a bhíos an sneachta á charnadh tamall mar sin, bíonn sé ina phlóchtaí, mar atá san amhrán:
An sneachta a bheadh ina phlóchtaí fó shléibhte.5Bíonn sórt droim ardaithe suas ar an sneachta de bharr a shéidte; muc shneachta a thugtar ar a leithéid sin. Nuair a bhíos an sneachta á shéideadh agus á charnadh tamall mar sin, bíonn sé bord ar bhord le sconsaí agus le claíocha.
Ansin nuair a thagas boige bheag san aimsir, déanann sé an sneachta a leá, nó a choscairt. ‘Lá choscartha an tsneachta an lá is fuaire ar bith’ a deirtear. Nuair a bhíos an sneachta tamall á choscairt, bíonn an talamh leis, i.e. le feiceáil.
An Sneachta
- Sonraí
- Written by: Seán Ó Séaghdha
- Catagóir: Gaeilge
- Amais: 68
An Béal Beo (1936), Tomás Ó Máille