Seán Ó Séaghdha

Collected from John Ball, Ballyhip Louisburgh
(80 years)

Na Fianna i gCill Gaoḃair

San allóid nuair a ḃí na Fíanna í n-Éirinn agus Finn mar taoiseaċ orṫa d’éiriġ aċrainn idir Finn agus ceann ḋe na laocraí darḃ ainm Díarmuid.

Ḃí súil ag Finn go bpósfeaḋ, Gráinne, é, aċt ḃí gráḋ mór ag Gráinne le Díarmuid, agus pósaḋ Díarmuid léiṫí.

Ḃí fearg mór ar Ḟinn nuair a ċuala sé fé’n bpósaḋ agus fuair sé eólas go raiḃ Diarmuid ’san Iarṫar.

Núair a ḃí síad a ṫeacaḋ, ṫáinig Díarmuid go paróiste Cille Gaoḃair agus leig é féin, agus Gráinne a ḃí in a éidiġ leis, a sgíṫ í “Leabaiḋ Díarmuda” san paróiste seo.

Ṫáinig Finn in a nḋiaḋ agus cuir a laoċra fúṫa in “Áit na ḃFíann” atá ’san paróiste seo freisin.

D’éiriġ aċrainn éadtorra agus marḃaḋ cuid acú.

Is féidir ḋúinn na clocaí atá ar an áit in a ḃfuil síad curṫa, a ḟeiceal ann go dtí an lá inḋiú.

Nuair a ḃí an trioblóid seo ar siúḃáil d’éaluiġ Díarmuid ó ṫeas go Beann Gulban an áit ar cailleaḋ é.

Críostóir Ó Mórċáin.

Na Fianna i gCill Gaobhair

San allóid nuair a bhí na Fíanna í n-Éirinn agus Finn mar taoiseach ortha d’éirigh achrainn idir Finn agus ceann dhe na laocraí darbh ainm Díarmuid.

Bhí súil ag Finn go bpósfeadh, Gráinne, é, acht bhí grádh mór ag Gráinne le Díarmuid, agus pósadh Díarmuid léithí.

Bhí fearg mór ar Fhinn nuair a chuala sé fé’n bpósadh agus fuair sé eólas go raibh Diarmuid ’san Iarthar.

Núair a bhí síad a theacadh, tháinig Díarmuid go paróiste Cille Gaobhair agus leig é féin, agus Gráinne a bhí in a éidigh leis, a sgíth í “Leabaidh Díarmuda” san paróiste seo.

Tháinig Finn in a ndhiadh agus cuir a laochra fútha in “Áit na bhFíann” atá ’san paróiste seo freisin.

D’éirigh achrainn éadtorra agus marbhadh cuid acú.

Is féidir dhúinn na clocaí atá ar an áit in a bhfuil síad curtha, a fheiceal ann go dtí an lá indhiú.

Nuair a ̇bhí an trioblóid seo ar siúbháil d’éaluigh Díarmuid ó theas go Beann Gulban an áit ar cailleadh é.

Críostóir Ó Mórcháin.

Foinse: duchas.ie